Stair an Choláiste / History of Coláiste Laichtín

Content on this page requires a newer version of Adobe Flash Player.

Get Adobe Flash player

Bhunaigh Seosamh Mac Mathúna as Sráid na Cathrach, Co. an Chláir Coláiste Laichtín Naofa i 1960. D’fhreastal 50 scoláire ar an gcoláiste an bhliain sin. Tháinig fás agus forbairt ar an gcoláiste riamh ó shin. Oileán beag álainn é Inis Oírr a bhfuil trá bhreá ghainimh ann. Is í an Ghaeilge gnáth-theanga caidrimh na n-oileánach. Fanann na scoláirí le muintir na háite agus tugann sé seo an-deis dóibh líofacht a ghnóthú sa Ghaeilge. Cuireann Inis Oírr thar aon áit eile timpeallacht ina mbíonn tumadh iomlán agus taithí slán, sonrach Gaeltachta ar fáil. Bíonn ranganna ar siúl sa mheánscoil áitiúil, Coláiste Ghobnait. Úsáideann an coláiste an halla pobail a shíneann amach ón meánscoil do na céilithe agus go leor imeachtaí eile. Tá an pháirc pheile agus na cúirteanna cispheile trasna an bhóthair ón gcoláiste. Tá an trá agus na háiseanna áitiúla go léir suite in aice an choláiste.

Seosamh Mac Mathúna from Milltown Malbay, County Clare established Coláiste Laichtín Naofa in 1960. 50 students attended the course that year. The course has prospered ever since. Inis Oírr is a small scenic island with a rugged coastline and a beautiful sandy beach. Irish is the spoken day to day language of the islanders. Students are accommodated with local families and thus have every opportunity to gain greater fluency in Irish. Inis Oírr uniquely provides the perfect total immersion environment for a safe and memorable Gaeltacht experience. Classes are held in the local secondary school, Coláiste Ghobnait. The college avails of the local community hall which extends from the secondary school for the céilíthe and various other activities. The football pitch and basket ball courts are adjacent to the college. The beach and all local amenities are situated in close proximity of the college.

Click here for more information on one of Irelands' most beautiful islands.

Coláiste Laichtin, Inis Oírr, Oileáin Árann Co. na Gaillimhe. T: 065 6822275, E: info@colaistelaichtin.ie